Stair Comhairle na Mac Léinn
Bíonn Comhairle na Mac Léinn bainteach le roinnt mhaith gníomhaíochtaí i saol na scoile. Bunaíodh i 2006 é ar dtús agus ó shin tá siad tar éis roinnt feabhsaithe a chur i bhfeidhm do dhaltaí na scoile chomh maith le gníomhaíochtaí éagsúla a eagrú in dteannta bainistíocht agus múinteoirí. Sampla de sin ná an siúlóid scoile i 2008 a bhailigh os cionn €20,000 ar son na scoile. Tionscnamh eile a thosaíodar ná athchúrsáil i seomraí ranga na daltaí chéad bliana.
Bunreacht Comhairle Na Mac Léinn
- Dhá dalta as gach bliain ar an gcomhairle. (Roghnófar ag toghchán í ar feadh tearma bliana I Mí Mhéan Fómhair gach bliain)
- Beidh cuireadh ag stiúrthóir agus an Príomhoide chun a bheith i láthair ag na cruinnithe.
- Eagrófar cruinnithe gach seachtain agus beifear ag súil le gach ball bheith I láthair.
- Toghfaidh an Comhairle Cathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir, agus oifigigh eile. Tearma bliana.
- Tógfaidh an Rúnaí miontuairiscí ag gach cruinniú agus cuirfear athchoimre ar fáil don scoil.
- Coiméadfaidh an cisteoir cuntaisí agus cuirfidh sé/sí ar fáil don scoil iad ag deireadh na bliana.
- Beidh cead ag an gcomhairle fo-choistí a ainmniú le daoine breise orthu más gá, le himeachtaí éagsula a éagrú.
- Beidh cruinnithe rialta idir baill don Chomhairle,an príomhoide agus an múinteoir comhairleach.
- Déanfar athbreithniú do rialta ar an mbunreacht seo. (Más gá).
- Níl an Chomhairle in ann bunrialacha scoile a aistriú.
- Níl éinne sa Chomhairle in ann aon gearán pearsanta mar gheall ar múinteoirí a thógaint.
- Táimid anseo ar son na ndaltaí. Táimid anseo mar ghuth na ndaltaí, chun tuairimí daltaí a thógaint agus iarracht a déanamh iad a réiteach.
- Tá an Chomhairle anseo chun tacaíocht a thabhairt don Gaeilge.
- Níl an Chomhairle anseo chun gearán pearsanta a thógaint go dtí crunnithe nó aon rud a rá mar gheall ar aon dalta mar aonarach. (Ach má tá fadhb phearsanta agat beidh sé réitithe idir an ball den chomhairle agus an dalta.
- Déantar cinní trí mhéan vóta daonlathach.
- Táimid anseo chun comhoibriú le daltaí, múinteoirí, an bord bainistíochta srl.
- Táimid chun iarracht a dhéanamh roinnt feabhsuithe a dhéanamh ar an scoil.