Mairimid i ré na teicneolaíochta. Tá fón póca, ríomhaire, Facebook, Twitter agus réimse leathan giúirléidí againn inniu chun an saol a dhéanamh éasca dúinn. Tá taithí againn go léir ar na huirlisí a chabhraíonn linn ó lá go lá.Tá sé deacair orainn aon saol eile a shamhlú. Muna bhfuil rudaí i gceart cuirimid an milleán ar dhuine éigin eile - ar an scoil, ar ár dtuismitheoirí, ar an rialtas. Éilímid caighdeán ard. Éilímid ár gcearta. Tá níos lú agus níos lú daoine ann atá sásta dua a chur orthu féin, allas a shileadh chun spriocanna agus físe anna a bhaint amach. Ach táimid, i gColáiste an Phiarsaigh, inniu go mór faoi chomaoin ag daoine atá imithe ar shlí na fírinne, daoine a chaith a saol ag treabhadh leo i ngort an oideachais agus nár chuir an cheist riamh: “cad a gheobhaidh mé as seo”? Thógadar dáiríre focail an Uachtaráin Uí Chinnéide ar ócáid a insealbhaithe: “Ná hiarr ar do thír rud a dhéanamh duit ach ort féin rud a dhéanamh dod’ thír”.
Nuair a bunaíodh Gaedhealachas Teoranta in 1940, bhí dream beag daoine ann a chreid go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge agus an Gaelachas a shlánú. Thógadar go dáiríre focail an Phiarsaigh: “Tír gan teanga, tír gan anam”. Bhí baint ag an Dara Cogadh Domhanda le bunú na heagraíochta. D’fhéadfadh géarchéim a bheith ann d’Éirinn agus don Ghaeilge. Bheartaigh siad a gcion féin a dhéanamh ionas go dtiocfadh an Ghaeilge slán. Bhunaigh Gaedhealachas Teoranta coláiste samhraidh i nGarraí Bhoithe sa bhliain 1944. Thar na blianta a lean chuireadar coláistí samhraidh ar bun i gCorca Dhuibhne, ar Oileán Chléire agus sa Gheata Bán mar a raibh Trabolgan, atá inniu ina ionad saoire.
Nuair a cuireadh Teach Ghleann Maghair ar an margadh sna caogaidí, cheannaigh Gaedhealachas Teoranta an teach agus na tailte a bhí ag gabháil leis. Is ann a bunaíodh Scoil na nÓg sa bhliain 1958. Eibhlín Ní Drisceoil a bhí ina Príomhide. An bhliain dar gcionn, 1959, d’oscail Scoil na nÓg scoil chónaithe do bhuachaillí i dTrabolgan. Tháinig an tUachtarán, Éamon de Valera, chun an oscailt oifigiúil a dhéanamh. Bhí Gaedhealachas Teoranta i gcónaí ag iarraidh teacht ar shlite nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus sa bhliain 1961, bhunaigh siad ‘Agus’, iris mhíosúil ina raibh idir phrós is fhilíocht. Diarmaid Ó Murchadha a bhí ina eagarthóir agus i leathanaigh ‘Agus’ thug sé caoi do mhórán de na filí óga a saothair a chur i gcló. Ina measc bhí Michael Davitt agus Gabriel Rosenstock.
TEACH GHLEANN MAGHAIR
Inniu nuair a fhéachaimid ar Theach Ghleann Maghair nó ar theach cónaithe na gcailíní i Scoil na nÓg/Coláiste an Phiarsaigh is ar éigean a smaoiníonn aon duine againn go raibh saol an-éagsúil ann tráth. Ba chuid d’eastát Teach Ghleann Maghair, cé nárbh eastát ró-mhór an chuid sin de a chuaigh leis an teach seo, thart ar 33 acra. Má dhéanaimid iniúchadh ar stair an tí agus an eastáit tá an méid seo le tabhairt faoi deara. Dealraíonn sé gurbh iad muintir Butler St Leger a bhí i seilbh ann le fada an lá. Tháinig na Buitléaraigh go hÉirinn le linn ionradh na Normannach sa bhliain 1169 agus tháinig muintir St Leger i bplandáil Éilíse - Plandáil na Mumhan, 1585. Teach Seoirseach is ea Teach Ghleann Maghair. Ciallaíonn sé sin gur tógadh é le linn réimeas ríthe Shasana i rith an 18ú hAois.
Bhí mórán tiarnaí talún i bhfiacha nuair a chríochnaigh an Gorta thart ar 1849. Tháinig rialtas na Breataine i gcabhair orthu nuair a ritheadh Acht na nEastát Fiachbháite in 1849. Dealraíonn sé go raibh an teach ar cíos ó Anthony Butler St Leger ag Henry Mannix ó 1842 ar feadh 14 bliana ag cíos £20 steirling in aghaidh na bliana. Sa bhliain 1852 cheannaigh Martha Morrogh, baintreach, an t-eastát agus an teach ar £610. Coimisinéirí na nEastát Fiachbháite a bhí i mbun an díolacháin.
Sa bhliain 1865 dhíol Martha Morrogh an Teach agus an t-eastát le James Russell, Trafalgar, Contae Chorcaí ar £3,350. Bhí an Teach agus an talamh i seilbh mhuintir Russell go dtí an 20ú Céad. Bhí eastáit eile ag muintir Russell i gContae Phort Láirge. Sa bhliain 1927 bhí an Teach agus an talamh ar léas ag Winthropp Benjamin Browning ó Grace Russell - ar feadh 21 bliain ag costas £75 ar feadh cúig bliana agus £85 don chuid eile den tréimhse. Sa bhliain 1929 cheannaigh Edward Langford Sullivan ó Woodhill, Gleann Maghair an chuid sin den léas a bhí fágtha ag Browning. Brigadier General, a bhí éirithe as, in arm na Breataine ab ea Sullivan
Sa bhliain 1934 thug an Brigadier an Teach agus 28 acra dá iníon Ann Winfred Sullivan. Ba í siúd An Duchess of Westminster agus úinéir an chapaill cháiliúil, Arkle, a bhuaigh an Gold Cup i Cheltenham trí huaire as a chéile sna blianta 1964, 65, 66. Sa bhliain 1946 dhíol sí siúd an Teach agus an talamh . Ba é Clement Newingham Everitt ó Fairy Hill, Mala, Co. Chorcaí an té a cheannaigh é. Ba é an praghas ná £8,000. Ceannfort sa Chabhlach Ríoga (éirithe as) ab ea Everitt.
Fuair Everitt bás in 1956. D’fhág sé an Teach agus an talamh ag a bhaintreach Mabel Everitt a raibh seoladh aici ag 94 Merton Drive, Raghnallach, Baile Átha Cliath. An bhliain chéanna cheannaigh Gaedhealachas Teoranta an Teach agus an talamh. Dhá bhliain ina dhiaidh sin osclaíodh Scoil na nÓg i dTeach Ghleann Maghair.
Cúlra:
Nuair a bunaíodh an Saorstát in 1922, bhí flosc ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhíothas ag súil go gcabhródh na scoileanna idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna chun an teanga a chur chun cinn. Rinneadh an Ghaeilge éigeantach chun fostaíocht a fháil sa Státseirbhís. Bunaíodh an Gúm in 1926 chun leabhair agus ábhar Gaeilge a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí. Bunaíodh na Coláistí Ullmhúcháin chun cainteoirí dúchais a ullmhú do na coláistí traenála. Ach faoi na seascaidí, bhí cuid mhaith den díograis maidir le chur chun cinn na Gaeilge imithe. Dúnadh síos na Coláistí Ullmhúcháin in 1961. Bhíodh mórán de na meánscoileanna ag tairiscint oideachas trí Ghaeilge sna hábhair ar fad nó i roinnt díobh. Ansin, nuair a tháinig an saoroideachas isteach in 1967, bhí méadú mór i líon na ndaltaí a lean leis an meánscolaíocht chomh fada leis an Ardteist. Ach bhí laghdú suntasach i líon na scoileanna a bhí ag freastal ar an oideachas trí Ghaeilge. Ba é seo an ré ina raibh an LFM gníomhach. Eagraíocht ba ea é seo a bhí ag cur brú ar an rialtas deireadh a chur le Gaeilge éigeantach do na scrúduithe agus don státseirbhís.
Bunú Choláiste an Phiarsaigh
Ba é seo an comhthéacs in ar thóg Gaedhealachas Teoranta cinneadh meánscoil a oscailt. Snámh in aghaidh easa a bhí ann, dar le mórán. Dar le roinnt daoine teanga mharbh a bhí sa Ghaeilge agus cur amú ama agus airgid a bhí ann a bheith á foghlaim. Nuair a fuair Gaedhealachas Teoranta cead meánscoil a oscailt in 1973, ní raibh foirgneamh scoile ar fáil. Bhí sé deacair a chur ina luí ar thuismitheoirí gur rud maith é a gcuid páistí a chur ag foghlaim trí mheán na Gaeilge do na scrúduithe stáit. Ach bhí 30 dalta i láthair nuair a d’oscail Coláiste an Phiarsaigh i Meán Fómhair 1973. Tógadh an cinneadh an scoil a ainmniú as Pádraig Mac Piarais, oideachasóir agus tírghráthóir. Ba í Eibhlín Ní Drisceoil a bhí ina Príomhoide. Bhí blianta caite aici ag múineadh i mbunscoileanna, ina measc Scoil na nÓg. Bhí deacrachtaí móra ag Coláiste an Phiarsaigh sna blianta tosaigh. Theastaigh ón scoil oideachas leathan a chur ar fáil agus rinneadh é sin. Bhí roinnt teangacha iasachta ar fáil, eacnamaíocht bhaile do bhuachaillí agus do chailíní, ealaín. Ach toisc nach raibh dóthain spáis ar láthair na scoile, tógadh seomraí ar cíos lasmuigh de na fallaí ar feadh cúpla bliain. Tar éis cúig bliana, thug an rialtas cead foirgneamh nua scoile a thógáil agus ar lá breithe an Phiarsaigh ar an 10 Samhain 1978, tháinig an tAire Oideachais, Seán Mac Uilliam, chun an scoil a oscailt go hoifigiúil. Faoin am san bhí 240 dalta sa scoil ach ní raibh ach spás do 180 sa scoil nua. Chiallaigh sé sin gur oscail seomraí réamhdhéanta ar fud an háite. Ba é an smaoineamh ná go mbeidís ann go sealadach ach ní mar a shíltear a bhítear. Lean Coláiste an Phiarsaigh ag méadú i rith na 1980-idí agus ghlac an scoil páirt i bhforbairtí nua san oideachas. Ceann de na forbairtí ba shuntasaí ba ea an Idirbhliain agus ghlac an scoil páirt ann go fonnmhar. Thug an bhliain sin, idir na mór-scrúduithe stáit, caoi do dhaltaí triail a bhaint as rudaí nua, rudaí praiticiúla. Bhí obair shóisialta agus taithí oibre mar chuid den bhliain. Bhí an chaoi ag daltaí triail a bhaint as rud éigin nua agus uaireanta thógadar malairt bóthair dá dheasca.
Sa bhliain 1989 fuair Cormac Mac Cárthaigh, bainisteoir na scoile agus an duine go raibh an fhís aige tabhairt faoi scoileanna lán-Ghaelacha a bhunú, bás. Dhá bhliain ina dhiaidh, 1991, fuair Eibhlín Ní Drisceoil, an Príomhoide, bás obann. Laistigh de dhá bhliain, bhí na ceannródaithe, a raibh sé de mhisneach acu tabhairt faoi fhís an oideachais lán-Ghaelaigh, in ainneoin patuaire an phobail i gcoitinne agus easpa suime an stáit, imithe.
Ceapadh Príomhoide nua, Eoin Ó Tuama in 1991. Bhí fadhb spáis fós ag goilliúint ar an scoil. Tosaíodh ar fheachtas chun riachtanais oideachais na scoile a chur faoi bhráid an phobail. Tugadh cuireadh don teilifís teacht agus an plódú agus an droch-chaighdeán sna foirgnimh réamh-dhéanta a léiriú don tír. Fuarthas cead aguisín nua a chur leis an scoil agus in 1995, d’oscail sé. Bhí seomra ealaíne nua, saotharlann eolaíochta nua agus roinnt seomraí ilchineálacha ar fáil. Sna 1990-idí agus go leanúnach, ghlacadh an scoil páirt sna tograí oideachais nua a bhí ag teacht chun cinn. Rinneadh malartú le scoileanna thar lear. Bhí sé seo ag teacht le fealsúnacht na scoile ó thús, is é sin, oideachas leathan, fadradharcach a chur ar fáil. Ina ré féin, bhunaigh an Piarsach scoil a chuir oideachas sa chiall is leithne ar fáil agus rinne Coláiste an Phiarsaigh iarracht an dea-shampla a thug sé a leanúint.
An Todhchaí
Bhí athrú mór eile i gcinnireacht na scoile ó 2012 a aghaidh. D’éirigh Máire Ní Chonchúir, Príomhoide Tánaisteach na scoile le blianta fada, as. In 2014, d’éirigh Eoin Ó Tuama as. Bhí a gcion déanta acu. Tá Micheál Ó Tuama ina Phríomhoide ó 2014 i leith agus Liam Ó Laighin ina Phríomhoide Tánaisteach agus dúshláin nua le sárú acu agus ag Coláiste an Phiarsaigh.
Leanann uimhreacha na scoile ag méadú i gcónaí. Tá an curaclam chomh leathan is a bhí sé riamh. Cé nach mbíonn dóthain acmhainní riamh ar fáil chun na haidhmeanna go léir a chur chun cinn, leantar an sampla a thug bunaitheoirí Choláiste an Phiarsaigh. Mar a deir an seanfhocal ‘níor theip fear an mhisnigh riamh’.
le Micheál Ó Súilleabháin